|
OH MY BOAT CAN SAFELY FLOAT ...
Le linn a shaoil, bhain Proinnsias Ó Fathaigh(1854-1935) clú agus cáil amach, go háirithe ar amhráin mar The Queen of Connemara agus The Old Plaid Shawl.
Mar a bhí le Percy French, bhí clú mór ar a chuid liricí anseo agus i Meiriceá. Fiú sa lá atá inniu ann, tugann a leithéid misneach do chroí an Éireannaí ar fud an domhain.
D'fhág Proinnsias Ó Fathaigh Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe, nuair a bhí sé 19 mbliana d'aois le dul ag obair sa Stáitseirbhís i Londain.Go luath i ndiaidh dó dhul ann bhí sé rannpháirteach in Athbheochan na Gaeilge. Bhí sé ar dhuine de phríomh-bhunaitheoirí an Irish Literary Society, a mheall W.B. Yeats agus Dubhghlas de hÍde, i measc daoine eile. Spreag é sin bunadh amharclainne Gaelaí náisiúnta go luath ina dhiaidh sin.
Chomh maith leis sin, bhí sé lánpháirteach i ngluaiseacht athbheochan na teanga agus ceapadh é ina chéad uachtarán ar Chonradh na Gaeilge i Londain, dualgas a chomhlíon sé ar feadh 12 bhliain.
Bhíodh sé i gcónaí ag cothú imeachtaí Gaelacha i measc na n-imirceach. D'fhoilsigh sé dhá leabhar fílíochta agus amhráin, agus chomhscríobh sé Ireland in London. D'eagraigh sé ranganna agus scríobh sé leabhair do pháistí. (The Child's Irish Song Book; The Irish Reciter, srl.)
Mar seo a leanas, léargas air ó Uilliam Ó Riain sa leabhar, The Irish Literary Revival:
Fahy had inexhaustible humour and ready wit... His acquirements and gifts were as diverse as his character. He had mastered in a short time several modern languages and authors, had coursed through the Irish language and its literature, written the raciest Irish songs of our time, turned off squibs and sketches welcome to the laughter-loving, had worked heart and soul for the (Southwark) Club, planned many projects beyond it, and delivered thoughtful Irish lectures in every quarter in London.
Le linn an chéid seo caite, craoladh saothair Phroinsiais Uí Fhathaigh go rialta ar an radió, san áireamh Little Mary Cassidy, Donovan's, Husheen agus The Irish Lullaby. Bhí leagan Tony Small den amhrán Galway Bay ar ceann de na céirníní ba mhó a chanadh ag Dolores Keane sna hochtóidí. D'fhág Proinnsias Ó Fathaigh oidhreacht torthúil atá fós á shaothrú inniu.
An Dráma Nua
Is a spreag an dráma, an óráid a thug Proinnsias Ó Fathaigh sa bhliain 1921, nuair a fuair sé cuireadh chun dinnéir ina ónóir ón gCumann Liteartha. Níor chaill an díbeartach aon chuid dá ghreann ná dá dháiríreacht agus é 67 bliain d'aois. Ina óráid, 'Reminiscences', féachann Proinnsias Ó Fathaigh siar, le dílseacht, umhlaíocht agus greann, ar an méid a bhain sé amach lena linn i Sasana beagnach leathchéad bhliain roimhe.
Ag labhairt dó, agus blas Chinn Mharach ar a chuid cainte, rud nár chaill sé riamh, labhair sé faoin saol liteartha ar a gcuir sé eolas sna blianta tosaigh agus faoin gcuid mhór léachtanna agus díspóireachtaí ag a raibh daoine mór le rá, ar nós W.B. Yeats agus Bernard Shaw, i láthair. Chuir sé síos ar na cuairteanna uilig a thug sé ar an bParlaimint, de bharr a dhílseacht don bhFéinriail, agus tá cur síos géar déanta aige ar Ó Domhnaill, ar Pharnell, ar Ó Concubhair agus a leithéidí. Thrácht sé faoina fheachtas dírithe ar thuistí, maidir lena ndualgas ainmneacha Ghaelacha a thabhairt dá gclann, agus, ar ndóigh, an oiread sin foilsiúchán spreagúil dá chuid a foilsíodh faoina ainm is sloinne.
Tugann scéal an Fhathaigh cuntas tarraingtheach ar an athbheochan chultúrtha a bhí beo faoi dheireadh an 19ú céad. Rugadh agus tógadh é i gCinn Mhara, baile beag cois cuan ag a raibh teagmháil thábhachtach le Conamara agus níos faide siar. Chomh maith le sin, ba i gCinn Mhara a phléadh coinceap Amharclann na Mainistreach idir Lady Gregory, Yeats agus Martyn.
Tá an óráid, 'Reminiscences', curtha i gcló anois ag an The Yeats Annual, i Londain.
Tugann Cinn Mhara onóir do shaothar Phrionsias A. Uí Fhathaigh, sa ndráma, saothar drámatúil lán d'amhráin agus de chomhrá, léiriú a ba chóir dúinn uilig a bheith bródúil as. Tá céirnín de chnuasach amhrán de chuid an Fhathaigh á eagrú faoi láthair agus a bheas ar fáil san athbhliain.
|
|